School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 124
  3. XML “Scéal i dtaobh Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal eile i dtaobh Púchaidhe
    Bhí cailín aimsire ag feirmeoir trom istig i oileán Dairbre. Nuair tháinig an sluagh acrach isteach oidhche, oidhche fóghmhair, ag éalód leinbh de dhuine aca, ní raibh aon braon uisge istig sa tig. Dubhairt cuid aca fuil cailín aimsire a tharrac. Dubhairt cuid eile ná raibh aon cúis ar an gcailín aimsire go raibh breis a dhóthain le déanamh aici acht fúil ingean críona an fheirmeóra do tharrac. Do chuala an chailín aimsire iad D'éirig sí anuas cucha, agus diarraidh sí dibh an ndeanfadh sí an gnó an tuisge a thabhairt isteach anois. Dubhradar go ndeánfadh D'imthig sí, as thug sí an tuisge lei ar dtúis. "Tá an sgéal "alright" anois, acht níl aon braon bainne istig. Ní raibh aon braon bainne istig a thaithneocad leo. Dubhairt sí go raibh na ba inaice an tige agus dul as iad do crúdh. Dimthigheadar, agus thánagadar isteach agus gan aon braon aca inaoncor. Dubhradar go raibh na ba san bualaidhthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish