School: Both Íseal (roll number 16744)
- Location:
- Boheeshil, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ua Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Both Íseal
- XML Page 067
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é an cuigeann a n-usaideach na s daoine fadó. Is é an cuigeann ata againn sá baile. Tá sé deanta mar seo.
Tá an colann deanta d'adhmad agus a bharr deanta d'iarainn. Nuair a beimí chun cuigeann a deanamh gleasaimíd é mar seo. Sé an cead rud a deinimid ná sgolamaid an meadar le uisge beirbighthe. Nuair a bhíonn sé sin deant againn chuirimid rud isteach ar a nglaodtar Loinithe air. Tá bata as an loinithe cun greim do bheir air. Annsin chuirimid clár na cuiginne air, sin píosa adhmad deanta cruinn agus poll ar a lár chun bata an loinithe do chuir suas tré. Nuair a bhíonn sé sin deanta againn chuidimid rud an a nglaodtar claibín, tá sé sin deanta d'adhmad agus poll ar a lár. Sar a cuirimíd na gleasanna ar an meadar bíonn an bainne istig ann againn.
Annsan buailimíd é ar fead tamaill go dtí sé leath deanta caithimí fíor uisge anuas air chun an t-ím fo glanadh síos. Annsan buailimíd é go dtí mbíonn se deanta. Bíonn fhios againn go mbíonn an cuigeann deanta nuair a bhíonn an loinithe glan.
Annsan geibhimíd tobán agus cuirimíd uisge glan isteach innte agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cobthuig
- Gender
- Female
- Address
- Cloon East, Co. Kerry