School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 128
- XML “Seanscéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is maith leat a dhéanamh daon lá igcaitheamh na seachtmhaine, tá na haon lá is oiriúmhnach é dhéanamh, is mar a céile gach lá acht seachain an Domhnach. Tá spíarach déanta liom ná fuil tú ag déanamh do ghnó sa ceart. Caithimé an clúdac bráthair a bhaint díot. Tá árd bitheamhnach in Éirinn agus is feárr a slighe cun Dé ná tusa, agus tá cailín leanna díol agus is feárr a slighe cun Dé ná do shlíghe. Stropáil sé culaith bhráthair de annsan agus thug sé culaith eile do. Thug sé ámhair airgid do annsan i gcóir an bhóthair
"Imthig ort go hÉirinn anois" ar sé, agus tá páirc i bpáirc dÉireann go dtugaid siad goirtín na crúdh uirthi, agus chaithfid tú mainistear déanamh ann cun na daoine a chur, agus faig amach dom an tárd bitheamhnach agus cailín leanna díol. Sin trí rud a caithfir d'fághail amach. Má gheibheann tú amach iad tair cugam sa airís. As mar a bhfuighfir ná tair cugamsa go deo. Níl aon gnó agam díot. D'imthig sé as costas an bhóthair aige. Cheap(continues on next page)