School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an spré sin isteach san tubán.
Is geárr gur tháinig sí airis ag lorg ceann eile mar déag an céad spré amuigh Scaoil sé lei. Is geárr ón dtig a bhí sí nuair bhuail sé spré eile ins an dtubán,
Tháinig sí an tríomhadh uair mar déag an tarna spré chómh maith. Chaith sé an tríomhadh spré san tobán leis, agus níor tháinig sí as san amach. Bhí sé ag léigheamh i gcomnuidhe dó féinig. Nuair a tháinig an bhean isteach diarraidh sí cad é an rith a bhí ar an mnaoi ag teacht isteach as amach cuige. Dubhairt sé go raibh teine uaithi is dócha. Seadh d'fan sé annsan Do thosnuig na cailiní ag déanamh an cuiginne. Bhíodar ag obair ar a ndicheall agus ní fuair síad aon ruainne ime ag teacht aníos. Tháinig a máthair ag féuchaint uirthi. "Tá sí ins an slighe ná bfeacha bainne riamh. Ní bhfaigfir aon ím innte" ar sí. Éirig aiste" ars an(continues on next page)