School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 260
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán (continued)

    Fear a phós bean, agus cheap sé go raibh sí óg, agus amáireach bhí sí críona, dhein sé amhrán annsan nuair a fuair sé amach a dhearamad

    (continued from previous page)
    II
    Phóis an óige gan bhó gan caora
    Mar is ró bhreágh an tseóid í i gcóir na hoidhche
    Do chrúdhac bó agat go ceólmhar binn tais
    As geobhadh an bóthar ar nós na gaoithe
    III
    Tá mo chroidhe seo chómh dubh le dáirne
    No le gual a bheadh dóighthe i gceárdhchainn
    No le bonn sean bhróige do bheadh tárnalta
    Ó cuireadh i m' luighe le mnaoi gan áird me.
    IV
    As buadra bhím se i mhluighe ar mo leabhaidh dhom
    As ní buadhartha bhím ná ag eirighe ar maidin dhom
    Ó beith ag síor cur síolta sa cré ná tagadh siad.
    As faroir daor bhocht ní bréigfa leanbh dom
    í féin ag cainnt anois.
    V
    Thugais an téitheach a mhéirlig malluighthe
    An síol a bhíonn caoc, as an cré ná tagann sé
    Dá mbeadh agam féin cé le thaithneamhach
    Do bheadh ár leanbhaí araon da bhréaga ag banaltrainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish