School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 322
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíodh lánamhain ag dul a phósadh fadó chaitheadh an fear an bean a iarraidh ar a h-athair agus ar a máthair agus dá bhfuigheadh an fear annsin aon geallamhaint ar an mbean tharraingóchadh sé amach buidéal uisge beatha agus roinneadh sé ar muinntir an tighe é. D'iarruigheadh an fear annsin de mhuinntir an tighe cé'n oidhche a thiochadh sé arist ag déanamh an chleamhnais. Déireóchadh muinntir an tighe leis an bhfear a theacht a leithead seo go oidhche mar a déarthá seachtmhain o'n oidhche sin go socruigheadis an cleamnas . Tiochadh an fear annsin an oidhche sin chuig teach na mná agus thiubhradh sé leis ceathar nó cúigear fir agus bhéadh leath-ghalún uisge beatha ag an bhfear ag teacht agus bhéadh leath-ghalún eile í dteach na mná. Bhéadh tuille daoine annsin í dteach na mná cruinnighthe freisin agus d'fhanadh siad annsin ar feadh na h-oidhche agus bhéadh an - oidhche acab amach is amach ag ithe 'gus ag ól ag damhsa 'gus ag gabháil fhuinn. Ar maidin d'imtheóchadh gach duine acab abhaile ach an fear óg. D'fhanadh an fear óg annsin go bhfeiceadh sé cé méad spré
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Uigínn
    Gender
    Female
    Address
    Doon, Co. Galway
    Informant
    Peadar Ó hUigínn
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Doon, Co. Galway