School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 445

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 445

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 445
  3. XML “Seanfhoirgnimh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá caisleán i dTulach Chadhain agus sé an t-ainm ata air, "Caisleán an Dá Chailleach." Deirtear nach raibh sé ann le tuitim na h-oidhche agus go raibh sé tóígthe ag beirt chailleach ar maidin.
    Tá caisleán eile san áit seo agus Caisleán a' Cruinn Iubhar an t-ainm ata air. Rinneadh é san 13adh aois. Bhí sé 6 stór ar aoirde. Tá na ballaí go maith fós acht tá an díon imthighthe. Fuil beithidheach agus daoine atá ag measgadh an mhuirtéal i gcaoi is go seasfadh sé go deo.
    B'iad muinntear Fhlaithbheartaigh a bhí ina gcomhnuidhe ann. Bhí poll thuas i mbárr an chaisleán agus poll marbh a tugtaoi air. Bhí clár ar bárr an phuill. Nuair a thagadh duine chuig fleadh nó féasta teasbáíneadh siad an caisleán dóibh (mar dheadh) agus nuair a siubhladh aon duine ar a' gclár thuiteadh sé síos go tóin puill, agus amach Loch Corib agus ní fheicfidhe go deo iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway