School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 433
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí na tíghthe an-bheag ar fad fadó. Botháin a bhí ionnta. Bhíodar déanta as láib agus bhí na ballaí tiugh. Bhí na h-urláior déanta as lathaigh, freisin, agus bhíodar clúdaighthe lé cíb. Bhí poll deataighe aca í lar an tíghe gan aon tsimléar ar bith. Ní raibh san tígh acht seomra agus cistineach. Bhí an drisiúr ag déanamh balla idir an seomra agus an chistineach. Bhí na ba istigh san teach, ceangailte de'n drisiúr agus bhíodh na muca agus na h-asail istigh san mbothán.Bhí leabaidh san gcistineach aca fadó. Bhíodh Punann aca faoí'n a gcloigne aca. Bhíodh leabhaidh san tseomra aca agus nuair a bhíodh siad ag dul a chodladh d'osclóchadh siad é agus dhunfhadh siad é an maidin a bhíodh sé mar cathaoir aca. Bhíodh na fuinneóga an bheag fadó. Ní bhíodh mórán fuinneóga ann cor a bith fadó. Ní bhíodh aca, act beart féir nó mála a chuireadh siad isteach san bhfuinneóig, agus bhaineadh siad amach san ló é. Ní bhíodh acht aon doras amháin aca agus is é an t-ainm do bhí ar an doras, "Doras Tosaigh. Bhíodh mhóin agus maide lé dóghadh, sa teine. Ní leis an sléan anghearradh siad í fadó, acht(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Laidhigh
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Rosscahill, Co. Galway
- Informant
- Pádhraigh Ó Laidhigh
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Rosscahill, Co. Galway