School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Naomh ina comnuidhe í gCill Ainbhthín fadó agus is é an t-ainm a bhí uirtí Naomh Ainbhthín. Bhíodh cill aicí i n-aice leis an Séipéal. Tá sé ina seasamh fós, acht níl acht aon bheinn amháin ann anois. Níl aon fuinneóg san gCill cor ar bith. Tá tobar beannuighthe thíos í gCill Ainbhthín ín-aice lé Loch na Rosa. Bhíodh sé ag Naomh Ainbhthín fadó. Tugann siad tobar Naomh Ainbhthín. Téigheadh na daoine ann fadó lé léigheas a fhághail go mór-mór leigheas le h-aghaidh súl tinn.Fadó nuair a théigheadh na daoine go dtí an tobar leagadh siad píosaí éadaigh ina diaidh agus déireann siad paidreacha fós. Tá baile fearann ainmíghthe ina diaidh, agus scoil. Tá bullán ímeasg na gcrann í bpáirc Eamonn bFlaitbhearthuigh freisin. Dá mbeadh an t-uisge shíos lé bruith agat ní bhruithfheadh sé go deo.Fuair Naomh Ainbhthín bás ar an 18adh Eanair agus tá sí curtha í n-aice lé Loch na Rosa. Cuaidh naomh Ainbhthín agus naomh Pádraig go dtí an áit a bhfuil an séipéal agus thug siad a seacht mbeannacht do pharáiste Cill Ainbhhthín. Tá cill Naomh Breacáin ín-aice leis an(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Laidhigh
- Gender
- Female
- Address
- Rosscahill, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Laidhigh
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Rosscahill, Co. Galway