School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 361

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 361

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 361
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an mbliadain 1847 bhí muinntir na h-Éireann uilig ag fhághail bhais leis an ocrás. Rud a tainic ar na fataí agus ní raibh fhios aca céard é. An dubhacán b'eadh é agus ní raibh fhios aca an leigheas. Do lobh na fataí agus íad ag fás agus do lob síad ar mhuinntear na h-Éireann uilig agus greim na deoch ní raibh aca. Bhí coirce agus cruithneacht aca go flúirseach ach bhí ar na daoine é a thabhairt go mhuinntear Sasana leis an cíos a dhíol nó cuirfeadh muinntear Sasana amach ar an mbóthar íád. Do cuireadh fear dar bh'ainm Padraig Ó Máille ó Cor a Bheithe, Uachtar Árd Co na Gaillimhe agus a bhean agus a seacht mach agus bheirt ingean amach ar taobh an bhóthair agus fuair siad uilig bás agus cuireadh in aon uaigh amáin íad. Fuair go leor aca bás leis an ocras. Fuair bean dar b'ainm Bhrighidh Mealláigh Cnoc a' Bhrocháin, Uachtar Árd Co na Gaillimhe bás taobh amuigh de teach Seamhais O Conchubhair Uachtar Árd Co na Gaillimhe agus tá sgeach ag fás ós a chionn agus níl cead ag éinne é a bhaint. Tá go leor daoine curtha i gCilola, Ros Cathail Co na Gaillimhe. Bhí bean lá ag siubhal agus nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Mhaoldhomhnuigh
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Porridgetown West, Co. Galway
    Informant
    Maitis Ó Mhaoldhomhnuigh
    Gender
    Male
    Age
    69
    Address
    Porridgetown West, Co. Galway