School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 019
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche geal spéireach fadó ó shoin bhí fear ag teacht abhaile ó tigthe na gcomarsan i mBaile an Sceilg. Bhí an oidhche ag cur seaca agus bhí an talamh go cruaidh. Ar a shlíghe dhó abhaile caithfeadh sé dul treasna abha na h-Aoine agus bhí leacoidhre san abhainn. Bhí an ghealach ag lonnradh ar an licoidhre agus cheap an fhear gur 'bé an talamh tirim a bhí ann mar bhí na páirceanna cómh bhán leis an abainn. "Arú nách geal an oidhche seo atá againn buideachas le Dia" ar seisean agus súd leis ag siúbhal treasna na páirce míne mar dheadh. Ach slán mar a n-innstear é bhris an leacoidhre agus thuit an bhochtán isteach san abhainn. Bhéic sé cómh h-árd is a bhí na ghuth ach mo léan ní raibh aoinne in giorracht dó mar bhí sé tar éis meadhon oidhche. Bhí sé istig agus a dhá chois ceangailte i ngéag a bhí san abhainn. Níorbh fhéidir leis teacht amach agus é ag cur seaca na thímceall. Fé dheire strac sé é féín amach i slíghe éígin, ac má dhein. bhí a féasóga clúduighthe le licoidhre agus íad go trom agus go gioblac. Ar slíghe áirithe tarraing sé é féin abhaile ar breacadh an lae. Núair a bhí sé inaice a thíghe féin léim gadhairin bán amach agus é ag amhastraig "Ó Mhuise" ar seisea "is ait an oidhche í anocht tá sé ag cur seaca ar na gadhair" arsan amadán agus níor thuig sé go raibh níos mó seaca ar féin ná ar aon nídh eile. Chrom sé cun cloch a thógaint cun é caitheamh leis an ngadar ac bhí na clocha féin ceangailte "grádh Dé" ar seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Súilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Díarmuid Ó Láoinsigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kells, Co. Kerry