School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 152
  3. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba greanneamhair na saghas tighte a bhíodh ag's na daoine fadó. Tigíní beaga íseal cúmang a'b eadh íad agus clann mór istig ionnta is gan acht spás beag fágtha. Dhá seomra is mó a bhíodh ionnta, cistin agus seomra codalta. Ní bhíod áon tig árd aca thar a leagfadh an gaóth íad, agus bíodh sé in áit foithineamhail acha fé faill mór suas san cnoc. As clocha a bhíodh síad deanta agus mairteál idir na gcloc cun íad a greamhúgadh go maith. Díon a bhíodh anúas ar an dtig agus fráoch fé san agus scraiteacha fé san airís, agus om' bhaic ná raib aón braón anúas acha. Bíodh na fraighteacha agus na cúplaí deánta a's giúmhaise adhmaid maith é sin a faghtar ins na portacha agus ní lobhadh se go deó deó agus ní brisfeadh sé síos go deó na ndéor. Biod scolb ar an dtig cun na súgáin do coimeád agus na treasnán. Ní raibh áon simné acha acht pholl mór sar cheann a' tíghe, agus bíodh an tigh lán de deatach agus creid m'fhocal ná dtagadh aón piástaí san admaid. Ba mhinic a bíodh an báisteach ag teacht isteac. Bíodh na catháoireacha déanta a's móin. Scolb a bhíodh acha mar soillse, smuthán de ghiumhaise i lámh duine an fhaid a beidís suas go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Mícheal Ó Módhrán
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Roads, Co. Kerry