School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 118
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíodh alán call-saoth ag na daoine fadó aimsear an ghorta. Bhí na prátaí lobhtha mar tháinig an dubh ortha an bliain sin. Ní feachadar a leithéid roimhe sin agus níorbh fhéidir leó cos a cur leis. Prátaí an bíadh is gnáthaighe a bheadh aca caithidís an stoc agus an arbhar a dhíol dos na tígearnaí cun an cíos do íoca. Is i Mí na Bealtaine a cuiridís íad an uair sin mar bhí aimsear breágh ann. Fúair na mílte bás agus cúaidh alán acha go dtí Merica agus ní raibh aca acht longa beaga agus bha minic a bháthfaí íád. Bhí triúr ag dull ann i mbád beag agus do bhíodar ag dul i laige leis an ocras. Beirt fhear agus bhean amháin a bhí ann. Do bhí na fir cómh h-ocrach san gur itheadar an bean beó agus do sroiseadar an tír. Bhí triúr eile ag dul ann leis beirt do mhuinntir Laoinsig agus Seán Ó Morán. Do báthadh an long mór agus bíodhar i mbád bheag agus aon nídhe le n-ithe aca. Sa deireadh sroiceadh ar an talamh agus bhí Seán ana bhreóidhte. Cad a dein a compánaig leis acht é fhágant cois na trágha agus culaith a thógaint uaidh. Bhí sé ann ar feadh i bfad gur connaich duine éigin é agus do mhair sé. Bhí long ag teacht ón Turgéis le cácaí don na gaedhil acht do báthaidh na Sasanaigh an long. D'fháigheadh gach aoinne cupán coirce.
- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Míceál Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry