School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 017
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá amháin chuaidh bean isteach go dtí fíacalóir cun droch fhiacal a tharrac. Do cuireadh í na suide ar cathoir agus fuair an fíácalóir pínsiúir agus do bheir sé greim air agus do chas sé é mórthímceall agus annsan bhí sé ar an bpláta aige. Núair a bhí gach aon nídh socair dubhairt an fíacalóir "tabhair dom leat-coróin led thoil." Núair a cualadh an bhean é sin ní raibh sí sásta agus bhí fearg uirthe. Dubhairt sí gour cuaidh sí ag tríall ar an ndochtúir an lá fé dheire le droch cheann díobh agus gur chuir sé í na suidhe ar an t-úrlár agus annsan do rug sé greim ar an seana bhuachaill le pínsiúir tréan. Do tharraing sé mór tímceall an seómra cúpla turas í agus annsan anúas an staighre agus bhí an fear bocht ag séide alluis go tiugh.Núair a bhí sí ar bun na staighre aige dubhairt sé ba cheart di bheith ag teacht núair a bheidís ar nais sa t-seómra airís agus súas leis airís ag stracadh na mhná go barra na staighre agus díreach núair a bhí barra na staighre bainte amach tháinig an buachaill ós na préamhacha agus dubhairt sí annsan ná tógfadh an dochtúir uaithe ar an obair sin go léir ach scilling amháin agus gur theastuig a dhá oiread ón fíacalóir agus ní raibh aon trioblóid aige, agus ars' an fiacalóir is baoghlac ná cuaidh sí tar dhoras airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríd Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Kells, Co. Kerry