School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 127
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dá tobar beannuighthe san pharóiste seo ceann aca ar bhéal an chúain agus ceann aca inaice na cathrach. Tobar na gCrathanaibh a tugtar ar ceann san tsráid. Glaise Cumhra tugtar ar an ceann i gCuanana. Tugann na daoine turasanna air gach bhlían na mná is mó. Bíonn síad ann ar feadh na h-oidhche. Fanann síad i dtig éigin cómhagharach don áit. Caitheann síad an turas a dhéanamh an tráthnóna nuair a bhíonn an grían ag dul fé agus airís ar maidin lae air na mháireach nuair a bhíonn an grían ag éirighe. Deireann síad an Coróin Mhuire fhaid agus bead ag dul mór tímceall agus caitheann síad cúig cloca deug isteach ann. Gach blíadhain a tugann síad an turas ar lá féile Eoghain an 21ádh lá de Mí Meithimh an lá is fuide san blíadhain. Tá leigheas maith san uisce chun daoine go bhfuil easba sláinte ortha no aon ball díobh tinn. Tá leigheas mhaith ins an sáile in gach aon páirt de'n domhan ar an lá saoire ar an gcúigeamhadh lá déug de mí na Lúghnasa. Is minic do leighiseadh daoine an lá san. Ba cheart du innti an lá sin seachas aon lá eile. Cuimiligheann síad an t-uisce leis an ball teinn (uisge an tobhair) agus íad féin a níghe leis. Ólann síad deoch de leis. Fágann síad rudaí na ndiaidh airgeadh noó aon saghas níthe. Bhí fear ann dárb ainm Seán Ó Brúcan agus bhí inghean aige dárb ainm Cáit agus bhií easba céille uirthi ní raibh sí ró mhaith sa(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Míceál Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry