School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 077
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba ait na ceardanna a bhíodh aca fadó sar a ndeineadh na rudaí thar lear. Íad féin a deineadh na rudaí agus ba mhaith an rud é sin agus do fágaidís t-airgead sa bhaile agus bhí na neithe sin ana bhuan. As geire na mbó a dheinidís na coinnle. Ar dtúis do leighidís é i gcanna agus é do cur isteach i múnla agus córd do cur tríd agus nuair a bheadh sé cruaidh beadh coinnle agat. A gcleibh féin a dheinidís as slata a bhailighidís mór thímcheall na h-áite. Glister na gcloch nó bláthanna na h-aitinne a bíodh aca cun an phlainín a dathughadh. Do dheinidís snáth as an ollan, é do cárdáil ar dtúis agus deinidís rollaí as. Dheinidís é d'fíghe annsan. Barr an fraoig a bhíodh mar dathugadh agus é cuir síos i gcurcán mór ar feadh seactmhaine agus an t-eadach do chur innti ar feadh coighdhídhse. Plainín breágh trom dob eadh é agus bréad a bhíodh aca mar culaithí go dtí go mbeidís ceithre bliana déag, striopaidí móra dob ead íad an uair sin. As eirbeall na mbó nó as fionán a dheinidís na súgáin le cruacán. As gruaigh na mbó a dheinidís na braghaidáin cun na ba do ceangal. Le curán a gearraidís an féar agus é do bhailiughadh leis na lamha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Míceál Ó Moráin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Roads, Co. Kerry