School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 050
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)árdóchadh sin."
"Ar mhaith leat a dhuine" arsan siopadóir; lá ar na bháireach do thug fear an t-siopa Tomás go dtí an luing.
"Cá bhfuil an iarain úd" ar's siopadóir.
"O fan go fóil" ar's fear na luinge.
Do chaith sé óile air i dtreóis ná faghadh sé greim air. Do chaith Tomás é troighthe úaidh.
"Seadh A Dhuine Úasail bhfuil fear láidir sa tír seo" arsa Tomás.
Fuaireadar púnt. agus d'óladar le céile é go meidhreach.
Sin mo scéal mar gheall ar mo chol ceathar. - Fadó na ndeór bhí fear na chómhnaidhe ins na Cealla darb ainm Seán Webb. Gréasaidhe ab eadh é agus bhí botháinín beag cluthmhar aige suidhte go deas cúpla slat ó Loch na gCeall. I dtalamh mo shean athar a bhí sé agus tá na fallaí ann fós.Bhí móinfheár ana mhór inaice an bhotháin agus ba le mhuinntir mo shean-athar é. Garraidhe na Locha an ainm a bhí ar an bpáirc agus talamh garbh ríastach a bhí inni. Seadh lá breágh gréine san bhFóghmhar, nuair a bhí an féar aibidh agus bhíodair cun é a bhainnt. Bhí meitheal díobh ann suas le seisear mar bhí úatha an pháirc mhór a bhaint in aon lá amháin. Ní rabhadar ach tosnuighthe nuair sheól Webb amach as a bhothán agus ar sé
"Aru cad é an gádh atá le garsa díbh cun é a bhaint."
Dubhairt an feirmeóir go rabhadar cun an pháirc a bhaint i lá amháin. Arsa Webb airís
"ná baineadh beirt(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Súilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Diarmuid Ó Laoinsigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry