School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 156
  3. XML “Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba ait na rudaí bhí timcheall na h-áite seo fadó. Go minic chífidís rud neamh-saoghalta is bíodh seancas breágh ag na sean daoine mar gheall air. Seo ceann fíor a thálaig suas le deich mbliadhna ó shoin.

    Oidhche amháin bhí búachaill ó Cabhlac ag teacht ó Gleann Beithe, rinnce is dóca a bhí ann agus bhí sé deánach nuair srois sé an maoilean ag rothaidheact a bhí sé, is bhí sé ag gabhail go tapaidh. Act nuair srois se an maoilean bhí muc, mór, dubh granna sínte treasna an bhóthair is ní fhéádfadh sé dul tháirsne is bhí sé ag rómhar is ag gnúsachtgháíl go láidir. D'fan an buacaill ináirde is ar an díg a cuaidh sé thairis. Thosnnuig sé ag dul go tapaidh arís. Nuair a srois sé an tigh bhí sé ar nós an fhalla. Cuaidh sé a codladh is níor éirig sé airís go dtí cúpla lá na dhíaidh sin. Thug an méíd sin ciall do. Bhí sé go h-aerach is go h-óg is dóca. "Is breágh an rud an óíge is nuair bíonn sí ann is cuma cá geobhadh sí."
    Fadó bhí beirt de mhuinntir Cobhthuig is Seán Ó Súilleabháin is mo sean athair beannacht Dé le n-anam ag íascaireacht. Nuair bhíodar ag dul abhaile taobh amuig de Carraig na n-Ean conncadar bád taobh istig dóibh is thosnuig sí ag rás. Ní raibh aon taitíghe ag na daoine annso ortha is ní raibh aon cótaí ortha ac léiní bana. Thosnuigheadar go léir ag rás. Ní fheaca mo shean atair í in aon cor is dubairt sé "Cad abáíl libh ag rás mar sin" níor b'fhéídir leó é a freagairt leis an scannradh. Sé an eagla
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Roads, Co. Kerry
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Curráin
    Gender
    Female
    Age
    44
    Address
    Roads, Co. Kerry