School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 154
- XML “Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí alán rudaí mí-nadúrta ann fadó ná fuil ann anois, ámhthac, leprucán, brúach fairrge agus sprid. Bhí fear ann dár'b ainm Míceál Ó Laóinsigh agus fúair sé réal ó lepruchán agus ní raibh easbadh réalach air ríamh. An réal a fúair sé ón lepruchán bhí sé i mbosca aige agus núair a tóghadh sé é sin amac, beadh réal eile ann i gcómhnaidhe. Do cídhtí alán brúaich ann fadó in sna Ródaibh san tráthnóna núair a bídís ag dul ag íascaireacht. Deirtear dá mbuailfheadh síad san leat núair a bhítheá ag dul ag iascaireacht, ná bheadh áon rath ort. Bí sprid ann úair, ar a dtugtar "Sprid a' Droichid" agus bíodh sí na suidhe cois droichid i gcómhnaidhe agus píop fada aici na béal, féachaint a dtógadh aenne gal as. Bhí fear bocht ann agus ní mairfheadh sé gan gal tobach. Bíodh sé ag obair na h-aon lá. Maidin amháin nuair a bhí sé ag dul amac ag obair dubhairt sé leis an mhnaoi, ruínín tobac d'fághail do nuair a thiocfadh sé abhaile. Ach nuair a tháinig sé ní raibh aon tobac roimis agus cuaidh sé fé dhéin sprid an droicid. D'ól sé a dhóthan tobach uaithi agus thug sé an píopa ar ais cúichi, is dubhairt sé beannacht Dé le h-anam na marbh. Do dhein sé sin trí úaire agus an tríomhadh úair d'imthig an sprid as a radharc súás go neamh ó purgadóireacht. Is dóca go raibh sise ag guidhe ar a shon i neamh. Carthanacht mór ab' eadh é sin.Tomás Ó Muircheartaigh
Cealla Síar- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheal Ó Módhrán
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry