School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 046
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní foláir nó bhí na daoine láidir fadó mar d'ithidís biadh folaín, prátaí is mó a bíodh acha agus maceireíl nó scadaín leasuithe nó píosa breágh de smut graínseacáin. Do bhí beirt dearbhráthair na gcómhnaidhe sa bhFaillmhóir mar a bhfuil na Gairibhía anois ann agus fir breághtha, láidre, fíochmhaire, laóchmhaire dob eadh iad. Seán líath agus Tadhg líath thugaidís ortha mar bhíodair fionn amach sa amach ach Suilleabháinig an ainm ceart a bhí ortha. Gabha dob eadh Seán. Deirtear go raibh sé níos láidre ná Tadhg ach bhí Tadhg láidir a dhóthain, dá mbeidís ann anois beadh mórán airgid tuillte aca. In n-óige a shaoghail ar chuaidh Tadhg go dtí America ag deánamh a spréith agus bhí sé fé mháighistir cruaidh agus do bhí fuath ag gach aon fhear a bhí fé acht ámhtach thuit achrainn amach idir Tadhg is an fear agus do thug sé dubhshlán do cun troda agus do thosnuigheadar ar. Acht mo ghraidhn é do mhairbh Tadhg é le cic san mbolg agus to theich sé abhaile airís agus a bhfóirtiún deánta aige. Ba mhinic a dheánfaidis basgadh ar bpaírc an aonaigh le maidí rinne agus níorbh féidir le h-aoinne seasamh na gcoinibh. In aonach an phoic do dheinidis na neithe chéadhna nuair a bhí na daoine ar meisge. Nuair a bhíodar ag teacht ón gcathair do thugaidis scannradh maith dos na daoine agus do bhí fear ós na Ródaibh darbh anim Tadhg O'Concubhair agus do bhí sé ag teacht ón gcathair oidhche agus do thug sé buille maith do Thadhg nuair a chonnac sé go raibh Tadhg ar meisg, agus na dhiaidh san do bhí an beirt san gcathair agus do phógadar a céile agus gan aon nidhe mar gheall ar an buille agus cuadhar isteach i dtig tabharne agus nuair a bhí olta aca do thug sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Mhuircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Míceál Ó Módhrán
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Roads, Co. Kerry