School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 160
- XML “Seantithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is greanmhar na saghas tighthe a bhí aca fadó; bhídís gairid caol is leathan íseal. Bhí na fallaí déanta as cloc agus fallaí feidín leis agus bhí craobhacha agus fionán no seisc mar ceann air.Ní bhíodh aon fhuinneóg na seimné ann; téigheadh an deatach amach a' doras agus ní raibh aon doras mhaith ann leis ach poll mór agus san oidhche cuirfidís scolpán amach ann sé sin beart cráobh. Ní bhíodh aon seómra codhalta acha ach aon seómra amháin an chistin agus bíodh na leabhthacca aca san cistin; bhídís deanta as adhmaid agus íad dúnta ar fad leis an sdhmad ach taobh amháin cun dul agus teacht as agus bhí an leabaidh sin ana mhór. "Camp" an ainm a tugadh ortha.Bíodh an t-úrlar déanta as cré leis agus bhíodh sé sin fuar agus fliuch i gcómhnaidhe. Bhíodh an tig istig lán de deatach agus nuair a tiocfadh duine isteach go dtigh na comharsan ní fheicidís na daoine istig.Nuair a chuireadar na fuinneóga sna tighthe ar dtúis ní raibh ann ach poll beag agus san oidhche cuirfidís mala féir ann sar a raibh an gloine aca.
- Collector
- Bríd Ní Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Micheál Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Kells, Co. Kerry