School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 121
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mó saghas chluiché a bíodh aca fadó go mór mhór ins na laitheannta fada. Seo ceann aca - Gheobhadh duine púicín no píosa éádaig is fáisceadh sé é tímcheall a shúile is beadh sé ar nós fear dall annsan. Geóbhadh sé mála garbh nó slat is ritheadh na daoine go léir le sgannradh i bfolach. Deireadh an "fear Dall" annsan "Cal'ir a Sheáin" annso "san dorcadas" adeireadh duine éigin, is thosnuigheadh an "fear Dall" ar cúardac is dá geobhadh sé gréím ar aenne bheadh sceul le h-ínnsint aige mar léasadh an "fear Dall" é leis an mála nó leis an slait ach an duine a geobhadh sé gréím air beadh air bheith na "fear Dall" airís. Leanaidís ar sin.
    Cluiche eile a bhíodh aca, seasúigheadh naoinamhar fear is octmhar cailíní is thosnuigheadh gach beirt ag rínnce is an bhuacaill a bheadh ann gan cailín aige beadh air seasamh i lár slíghe ag faire ar an neómeat a stadadh an cheól. Nuair a stadadh sé ritheadh gach búachaill ó'n a cailín féín go dí cailín eile is an búachaill a bheadh gan cailín beadh air seasamh i lár slíghe ag faire ar an gceól. Is leanaidís ar sin ag déanamh spórt ar mbúachaill i lár slíghe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Roads, Co. Kerry
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Curráin
    Gender
    Female
    Age
    44
    Address
    Roads, Co. Kerry