School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 051
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agaibh é már bhfuil aon mhaitheas ionnaibh."
    Is amhlaidh do gáireadar fé.
    "Cuir uaibh an magadh" ar sé trom dá speil."
    Glaodh sé ar a mhac agus thug sé speil do. Bhí na fir go léir ann agus a súile ar leathadh ag feácaint ar an mbeirt.
    "Anois" ars Webb "téirigidh abhaile agus tar annso airís i dá uair."
    Cuadhar abhaile agus thángadar airiís. Bhí an páirc bainnte agus bhí iongadh ortha. Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Maidean bhréagh ciúin i Meadhon Fhóghmhar d'eirig triúr daoine go lúath ó's na Ródaibh agus as go bráth leó go dtí Cuan-na-h-Ínse mar bhí íasc le díol acha mar bhíodar ag íasgaireacht an lá roimh ré. Nuair a bhíodhar ag dul ann bhí an fharraige go ciúin agus an ghrían ag taithneamh go h-árd san spéir agus nuair a thángadar go dtí Cuan na h-Ínse níor cheannuig aoinne an t-íasc uatha. Annsan as go bráth leó airís go dtí an Daingean. Díoladar an t-íasc ann. Do chuireadar a mbóthar ortha ach mo léir nuair a bhíodair ag teacht abhaile d'eirig stoirm is gála mór agus ní raibh acha ach naomhóg bheag agus bhí an bheirt acha ag iarraidh tabhairt súas ach an tríomhad duine darb ainm Mícéal Ó Modhrán; níor stad sé agus ní raibh an bheirt eile ag déanamh aon nidhe acht ag gol agus do thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Míceál Ó Mhuircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry