School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iarracht, lúbaire lúghmhar dob eadh an Corcuigheach ach mar b'eadh féin do chaill sé a ghreim ar an gcailín agus d'éaluigh sí sin léithe go h-áthasach malluithe. (?)
"Imthig leat anois a chladhaire mí-náireach malluithe."
"Gan díoghailt an eadh" arsan ropaire agus cómh tapaidh le splannc do sciob sé scian cúbach as a phóca agus do mheas sé i oibriú ach má dhein do chuir Donchadha le chleas-claidhmhe bataidh treasna an bhóthair í agus leis an dtríomhadh bhuille do thuit sé treasaithe, gearrtha ó cluas go smeigín
"A bhfuilir sásta fós."
"Ó táim agus níor ceapas go raibh fear in Ioctar na h-Éireann d'féadfadh an íde a thabhairt orm mar mbé, Donchadha Ciotach é sin."
"Sé díreach, agus féach ná tagadh do casán treasna orm-sa go bráth airís, bailig leat."
Do bhailig agus d'árduig Donchadha an scian abhaile go dtí an Cappamhóir mar a raibh sí go dtí lá a bháis agus n'feadar a bhfuil sí ann fós. Is mó gníomh agus gaisce nách é do dhein Donchadha. Nar léim sé poll beannuighthe glan ón dtalamh.Bádóir bríoghmhar, glic, tuisceanamhail, leis dob eadh é. Is minic a theastuig a chabhair is a chongnamh ó na h-íascairí eile agus níor chuadar riamh a ndísc ortha ach sa deire thiar thall ba dhóbair go mbáidhfí é agus seo mar thárlaidh.Lá mór stoirme sa gheimreadh do thiomáin an ghaoth long raice i gcoinibh na faille ar an dtaobh thiar do Carraig an Ocrais. Bhí alán daoine ós a chionn ag faire uirthi agus Donchadha na measc. Nuair bhí an suaill á luaschadh, do théiceadh an crann seóil geabhad leis in achrann don(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Pártolán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Kells, Co. Kerry