School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 088
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceo go tiubh mór dtímhceall ortha agus beagnác bhíodar i bfaill act do sághbhálac íad le téadacha.Clocha Reamhra, clocha móra garbha ós cionn na loca, Leac a' gCurcán (Ciste) mar tá fleagaí leabhéaltha ann. Scríbh Dearg mar tá faill mór agus cré saghas dearg ann tá sé ana doinséarach. Cuas a' Duine Mairbh: do tháinig fear isteach ann (Cróchar). Cuas Séamuis Grifín mar do báthadh fear ann. Cuas na mBárnac mar fásann seilmide bárnacha ann. Cuas Seisc mar fásann saghas fionán ann. Cuas Nóra mar bhí bean dárb ainm Nóra ag priocad míobhán ann agus do báthad í.Tá ainm ar gac aon páirc againn tímceall triocha aca ar fad. Tugtar an Garraídhe Clocan ar ceann aca mar tá clocán i lár slíghe dhe. Bánseóg na Geáitsí ar ceann eile mar bíodh baire aca ann fadó. Tugtar Garraí Eórna ar ceann eile mar bhí eórna curtha ann fadó. Tugtar Garraí na Loca ar ceann eile mar tá sé cómhgaracht do Loc na gCeall. Tugtar Garraí Teórna ar ceann eile mar tá sé inaice an claidhe teóra. Glaodhtar Garraí Doimhin ar páirc beag eile an páirc is fear atá againn, tá sí i gcaol Doimhin taobh shuas don dtig. Glaodhtar Garraí Caol ar ceann eile mar tá sé ana caol ach fada. Tá páirc mór ann ar a glaodhtar an Gorta Mór inaice an bhóthair. Tá páirc eile ann inaice an chnoic agus fothrac innte gaol éigin lem mháthair a bhí na cómhnaídhe ann agus glaodhtar Páirc na bFothrach air. Tá cloch mór innte(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry