School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 096
- XML “Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó'n dtalamh tirim.Bhíodh na fir leis ag imirt. Téígheadh slúagh isteach go tigh na cómharsan agus d'fanaidís ann go dtí a naoí nó a deich a chlog agus bhiod bórd inaice na teine aca agus íad ag imirt.Do bíodh airgead síos leis acha agus ma bhí ní eireóchadh troid go deó eatorta do bídí go deas muinnteardha ag dul abhaile.Do bhíodh rínnche leis acha ag an gcrosaire taréis Aifrinn gach Domhnach go dí a sé nó a seacht a chlog sa tráthnóna agus céímeanna ríl is minicíghe a bhíodh acha agus ag sheinm ceóíl ar an gcáirdín ceóíl. Do bhídí ag amhránaidheacht leis go mór mhór nuair a théíghidís go tig tabairne.Do bhíodh cluichí fe leith ag na cailíní leis, do bídís ag imirt le clocha. Do bhíodh mala leathan acha ar an t-úrlar agus do bhíodh cloca beaga ón dtraig acha agus íad ag imirt ós cómhair na teine amach. Is minich a bhíodh slúagh mór cailíní ann.Do bídis ag troid le bataí inaiche le tigh na mbocht agus bhí Donnchadha Ciotach Ó Moráin ann ó'n gCappamóir agus bé an duine ab'fhearr a bhí ann agus is minic a thug sé buille tubaist do na stroinseárthaí.(ag baint le leath. a '43)
- Collector
- Bríd Ní Muirceartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheal Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Kells, Co. Kerry