School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 153
- XML “Seantithe”
- XML “Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Lá breágh san tSamhradh bhí triúr fear ag íascaireacht i mbun Cúas Gorm ins na Cealla. Bhí an grían ag dul fé go mall agus ní cloisfea ach glór na maidí ramha ag búaladh síos, suas ins an uisce. Fé dheire conncadar maighdean mara na suidhe ar carraig ag cíoradh a cuid grúaige. Bhí folt breágh ar dath aon óir uirthi, ach bhí sé go h-ana garbh agus fada. Bhí cíor na lámh aici déanta as éíbhear agus páirt de ar dath an óir. Bhí brat ar a gúalainn agus bhí aighidh áluinn aici. Dein ceann de's na fir saghas glór leis na maidí rámha agus léim sí ó'n gcarraig go tonn fairrge.Fadó bhí fear dárb ainm Míceál Ó Loinghsigh ag siubhal abhaile oidhche geal, ó tighthe na gcómharsana a bhí sé ag teact. Bhí sé ag siubhal go mall inaice leis an bhfothrach cualadh sé glór istig ins an bfotharach. Fear dána dob' eadh é agus cuaidh sé isteach. Cad a connaich sé ach lepruacán na shuidhe ar cloc ag déanamh bróígín do féin. Rug an fear air agus scréac an firín ós árd. Gheall sé an prócha óir do'n bfear. Chuaidh Míceál abhaile agus bhí sé na bhfear saidhbhir.