School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 121
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó saghas chluiché a bíodh aca fadó go mór mhór ins na laitheannta fada. Seo ceann aca - Gheobhadh duine púicín no píosa éádaig is fáisceadh sé é tímcheall a shúile is beadh sé ar nós fear dall annsan. Geóbhadh sé mála garbh nó slat is ritheadh na daoine go léir le sgannradh i bfolach. Deireadh an "fear Dall" annsan "Cal'ir a Sheáin" annso "san dorcadas" adeireadh duine éigin, is thosnuigheadh an "fear Dall" ar cúardac is dá geobhadh sé gréím ar aenne bheadh sceul le h-ínnsint aige mar léasadh an "fear Dall" é leis an mála nó leis an slait ach an duine a geobhadh sé gréím air beadh air bheith na "fear Dall" airís. Leanaidís ar sin.Cluiche eile a bhíodh aca, seasúigheadh naoinamhar fear is octmhar cailíní is thosnuigheadh gach beirt ag rínnce is an bhuacaill a bheadh ann gan cailín aige beadh air seasamh i lár slíghe ag faire ar an neómeat a stadadh an cheól. Nuair a stadadh sé ritheadh gach búachaill ó'n a cailín féín go dí cailín eile is an búachaill a bheadh gan cailín beadh air seasamh i lár slíghe ag faire ar an gceól. Is leanaidís ar sin ag déanamh spórt ar mbúachaill i lár slíghe.
- Collector
- Máire Ní Curráin
- Gender
- Female
- Address
- Roads, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Roads, Co. Kerry