School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 149
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nach láidir lúthmhar a bhí na daoine fadó. Ní raibh taithíghe ar bróga acha go dí go rabhadar ocht mblíadhna deag d'aóis. Ní cathadh na mná áon bhróga cuid aca go dtí an lae indiu.Bí buacaill óg ins na Ródaib agus bhí sé ana-bhocht. Ní raibh áon bróg aige agus dá bhrígh sin bhí sé an-láidir. Go dtí scoil na gCeall a bhí sé ag dul agus garsún an-cliste ab' ead é.Tráthnóna breágh Samhradh bhí sé ag dul abhaile agus bhúail duine uasal leis ar an slíghe. Beannuig an garsún do as gaodhluinn, acht níor thuig an fear é mar Sasanac ab'eadh é. D'feach sé ar an garsún go feargach agus dubhairt sé leis as béarla, "Tóg do bhóthair ort a rógaire agus téíghir go dtí feirmeór eigin a tabharfhad praghas peidhre bróg duit." Nuair a chlois an garsún é sin, tháinig fearg air agus dúbhair, "Muise b'féidir go rabhais féin gan bróga úair, cómh maith liom-sa, agus má raib post breágh agat cad na tháobh ná fanfair leis gan bheith ag cur isteach ar gnóthaí ná baineann leat." Ní dúbhairt an bodach a thuille agus scaipeadar. Cúpla bliain na dhiaidh sin chúaidh an garsun go Merica agus bhí se na bhfear an-saidhbhir. Fúair sé bás go h-og. "Go ndeanfaidh Día trocaire air."(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Díarmuid Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Kells, Co. Kerry