School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do rugadh fear d’árbh ainm Seán Ó Súilliobháin i gCurrach Mór agus do’b é an spealadóir dob bfearr a bhí ins an oileán le’n a linn agus is ins an am san a bhí na tighearnaí talmhan in Éirinn.Bhí baintreach ins an Oileán agus bhí sí go fíor-bhocht. Bhí truagh ag an dtíghearna di agus dúbhairt sé léi go dtabharfadh sé an méid féir di is a bhainfheadh spealadóir in aon ló amháin.Ní raibh fhios ag an mbaintreach cá bhfaighfeadh sí spealadóir maith agus dúbhairt ceann de’s na comharsain léi mar gheall ar an spealadóir maith a bhí i gCurrach Mór.Chuaidh sí go dtí a thig agus d’iarr air teacht agus an féar do bhaint.Lá ar na mháireach do tháinig sé agus do thosnuigh sé ar an bhféur do bhaint ar a dhícheall. I rith an lae do chonaic bean an tighearna go mbeadh an féur go léir a bhí san bhfeirm bainte aige roimh tráthnóna acht bhí sé ortha an margadh do chómh-líonadh.Ní raibh fhios aici conus stop do chur leis acht i deireadh na dála do chuimhnigh sí ar sheift agus do’b é sin ná é do chur ar meisge. Do glaoidh sí isteach air ag do thug sí gloinne biotáile do acht níor chur san stop leis do thug sí trí nó cheithre gloinne eile dó acht ní féadfadh sí stop do chur leis mar an fhaid is a bhí sí ag tabhairt an biotáile bhí sé a obair níos déinne.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry