School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 096
  3. XML “Long Bhriste”
  4. XML “Báid Iascaireachta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tháinig tonn eile agus do scuab sé iad. I gceann uaire a chluig, ní raibh tasg na tuaisisg ar an long acht cláracha ag snámh ar an bhfairrge. I gceann trí nó ceithre laeanntha tháinig cálma agus do chuaidh cuid de’s na daoine i mbádaibh a féuchaint a bhfaighdís aon raic agus fuaireadar clár agus ainm scríobhte air. B’é an ainm a bhí air ná (Brig hope). Ní fuarathas aon ceann de’s na corpaibh riamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do chuaidh dhá bháid ag iascaireacht ar an tríamhadh lá déag de mí Meadhon Fhóghmhair sa bhlian naoi céad déag agus a naoi. Bhí an ghaoth ag séideadh aniar agus chuaidh bád ón Oileán seo soir agus chuaidh bád ón gCaladh soir leis mar bhí foithin ar an dtaobh shoir.
    Do thosnuigheadar ag lorg éisg acht ní fuaireadar aon nídh go dtí gur thánaig siad go dtí an taobh thuaidh de tigh an tSoluis.
    Do chuireadar na saidhne amach agus bhí siad lán agus thánaig gála gaoithe agus ní fuaireadar am chun iad do tharrach isteach. Do iompuigh na báid agus bhí an naoi-bhúr déag ag snámh ar son a n-anamacha. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Murchadha
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Séarlas Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry