School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 117
  3. XML “Tintreach agus Toirneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímpeall deich is dathadh blian ó shoin bhí sé ag cur fearthainne gach aon lá ar feadh cúpla seachtmhaine agus i ndeire na dála do thosnuigh teinntreach agus tóirneach.
    Bhí na tighthe cinn tuighe báidhte agus bhí na h-ainmhidhthe isthig agus ní raibh na daoine ábalta ar aon biadh do thabhairt dóibh, ná aon rud a bí amuigh do tharrac isteach.
    Bhí feirmeóir mór na chómhnaidhe i gCill Beag dar’b ainm, Doctúir De Bremnéir. Bhí cúpla seirbhíseach aige ag glanadh turnapaí ar ocht bpinginne sa ló i mí Lughnasa sa bhlian ocht gceud deug agus a ocht is ochtmhó.
    Lá amháín do cuaidh na seirbhísigh amach agus ní rabhadar abhfad amuigh nuair a thosnuigh cioth báistighe. Do chuadar i bfothainn fé tor aitinn glas agus annsan do thosnuig an teinntreach agus an tóirneach agus do lasadh cóta ar ceann díobh.
    Chuadar abhaile agus bhí sé dóighthe agus do chuaidh sé annsan go dtí an óspuidéal. Tar éis tamaill do chaitheamh ann tháinigh sé ar fóghnamh acht bhí sé go lag agus níor chuaidh sé ag obair a thuille. Fuair sé bás i ndeire na bliana.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Cormac Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cool West, Co. Kerry