School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 214
- XML “File”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear 'na chómhnaidhe i gCurrach Beag tímpeall céad bliadhan ó shoin. Bhí sé ana mhaith chun cártaí d'imirt, agus do bhíodh sé amuigh deunach á n-imirt.Bhí sé ábalta ar saghas diabliachta a dheunamh, agus deirtí go raibh cómhact an diail aige. Mar sin ní raibh aoinne ábalta ar buadhchaint air.Fuair cómharsa éigint bás, agus deirtí go gcídhtí í tímpeall na h-áite deunach san oidhche.Bhí an fear seo ar súil le buailte leí i gcómhnaidhe agus bhuail sé leí oidhche amháin sa deireadh.Dúbhairt sí leis go gcaithfeadh sé dul leí féin. Dúbhairt sé go raghadh sé leí ar choinghíol go mbuadhfadh sí air ag imirt cártaí.Chuadar abaile, agus thóg sé na cártaí amach as a phóca, agus thosnuigheadar ag imirt.Cheap sé ná bheadh aon trioblóíd aige chun buadhchaint uirthe, ach do bhí sí sin ró maith dhó agus do bhuaidh sí air.Bhí sé i gcruadhcás annsan agus ní raibh fhios aige cad le deunamh.Saghas file dob eadh é agus thosnuigh sé ag deunamh filigheachta agus a moladh. D'fan sí go dtí tarna glaodhach an choilligh agus d'imthigh sí annsan.Do dhein sé píosa filigheachta 'na dhiaidh sin mar gheall uirthe agus sin bhéarsa de."An t-aon mar a thugas
leis an gcuireata bhuiadh sí é(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry