School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 232
  3. XML “Ag Déanamh Ime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag deunamh ime.
    Fadó bhíodh piseóga ag baint le gach nídh agus mar sin bhíodh piseóga mar gheall ar deunamh ime.
    Deirtear nuair a bhíodh siad ag deunamh cuigine, agus nuair a chídhfeadh siad bean ruadh ag gabháil thar bhóthar ní dheineadh siad in aon chor é.
    Nuair a thagadh aoinne isteach agus bean a' tíghe ag deunamh cuigine, agus ná buailfeadh sé greas deirtí go mbíodh ím na cuigine tógtha aige.
    Tímpeall fiche blian ó thoin nó mar sin bhí fear 'na chómhnaidhe i gCúil agus lá amháin bhí sé ag deunamh cuigine agus tháinigh fear isteach an doras chuige.
    Bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill maith, agus annsan do las an fear a phíopa agus chuaidh sé amach.
    Bhí fear a' tíghe ag deunamh na cuigine ar a dhícheall ar feadh i bfad, agus ní raibh sé ábalta ar é chríochnúghadh.
    Annsan tháinigh duine eile isteach agus dúbhairt fear a' tíghe leis ná raibh sé ábalta ar an gcuigean do deunamh.
    Bhí fhios ag fear a' tíghe annsan gurb amhlaidh a ghoid an stróinséar an tím agus gach uair eile a bhí sé ag deunamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhurcadha
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Muiris Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry