School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scoil Scairte.
Tímcheall céad blian ó thoin bhí scoil scairte i gCúil agus fear ó Thiobrad Árann a bhí ag múineadh ann agus bhí meas ag gach aoinne air agus aige sin ortha chómh maith mar bhíodh sé ábalta biadh agus airgead d'fághailt uatha.
An uair seo bhí sé na chomhnaidhe le triúr eile agus do fuair sé galar agus d'imthigh sé as an dtigh agus ní raibh fhios ag aoinne cár chuaidh sé agus chuadar á lorg acht taréis tamaill d'eirigheadar as agus cheapadar go raibh sé taréis báis d'fághailt i bpoll éigint.
D'fhan an sgéal mar a bhí sé agus seachtmhain taréis an lae a imthigh sé bhí bean ag gabháil thar an bóthair agus chonnaic sí teine mór inaice le h-altóir na núal(??) agus chuaidh sí suas féachaint cad a bhí ag lasadh agus cad a chonnaic sí acht leabaidh féir agus is ann a bhí an múinnteóir. Do mhúch sí an teine agus thug sí roinnt bidh do.
Ón lá san go dtí an lá a chuaidh sé abhaile do thughadh sí biadh dó agus gach rud a bhí ag teastáil uaidh agus an lá a chuaidh sé abhaile dúbhairt sé léi go mbeadh sé buidheach di go deó.
Cúpla mí na dhiaidh sin do fuair an bean amach go raibh a driothár a bhí ag obair i dTiobrad Árann breóidhte agus do chuaidh sí ann ag siúbhal. Nuair a bhí an aistear nách
mór déanta aici do chuaidh sí isteach i dtigh agus d'iarr sí ar mhnaoi leigint di an oidhche do caitheamh(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí iarnróid
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry