School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear na chómhnaidhe i gCurrach Beag gheall le seasgadh blian ó shin nú ós a chionn agus fear ana bhocht do beadh é. Bhí sé ag obair ag an Ridire Ciarraidhe agus an págh a thug an Ridire dho taréis na mbliadhna ná capall ana-láidir ar fad.Bhí an chapall ag obair ag an befara sa bhaille agus bhí cáil air mór thímpeall toisg a láidireacht. Bhí ráfla curtha amach go raibh an chapall céadhna chun charraig ana-throm ar fad d'iomchur gheall le ceithre céad slataibh Domhnach éigin.Do bailing daoine an oileáin go Cnoc Cúil, chun an gaisce d'feiscint, do thosnuig an chapall chun an chloch d'iomchur ó'n bfairrge go barra na gcnoc.Bhí an chapall ag Ruth leis an gcarraig mar bhí na daoine á bhúaladh chun é do chur ag rite. Nuair a bhí an chapall ar bhárr an chnuic, do sgaoileadh é, agus do thosnuig sé ar tith chómh mhear agus dob féídir leis go dtí a thigh féin.Do Leigh sé síos i gcuinne na páirce ar feadh an tráthnóna, agus ar feadh na h-oidhche agus bhí na daoine ag féachaint air agus á rádh go gcaillfí é agus nuair a bhí an lá ag breacadha do furir sé bás.
Eibhlín Ní Mhurachadha
Currach Mór- Collector
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Cool West, Co. Kerry