School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 189
  3. XML “Aimsir an Ghorta Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darb ainm Séamus Ó Loíngsigh ó Churrach Mhór ag dul go dtí Caithir Saidhbhín lá amháin le linn an ghorta mhóir.
    Ní raibh aon tréan ó’n bpointe go dtí an chathair an uair sin, agus b’éigean do’s na daoine ó Oileán Dairbhre siúbal go dtí an baile mhór.
    Bhí an fear seo ag siúbhal suas bóthair an phoinnte lá agus
    chonnaic sé fear ag fágailt bháis leis an ocras ar taobh an bhóthair.
    Bhí daoine eile tímpeall na h-áite agus dúbhairt Séamus leó dul ag iarraidh an t-sagairt, acht ní raghaidís.
    Annsan thug sé leath chóróin do ceann aca, agus d’imthigh an duine sin ag iarraidh an t-sagairt do’n bfear a bhí ag fághailt báis.
    Lean Séamus ar an aistear suas go dtí Caithir Saidhbhín, agus bhuail sé le fear eile ó Oileán Dairbhre.
    Bhíodar ag teacht abhaile i dteannta a chéile, agus bhíodar lag leis an ocras mar ní raibh aon biadh i gCaithir Saidhbhín chun é cheannach.
    Ó Theinnibh dob’eadh an fear a bhí i dteannta le Séamus agus bhí sé ana ocrach ar fad.
    Nuair a bhí sé ag gabháil thar Gháirdín an Ridire chuaidh sé isteach agus fuair sé cúpla práta agus d’ith sé iad.
    Nuair a bhí sé ag teacht amach arís do ghlaoidh duine éigint air agus cé bí ann ach an Ridire féin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Máire Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry