School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 218
  3. XML “Ag Déanamh Im”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí mórán piseóga ag na daoine mar gheall ar gach aon nídhe go mór mhór mar gheall ar déanamh ime agus ag goid ime as an mheidir nuair a bhíodh siad ag déanamh na cuiginne.
    Dá dtiochfadh aoinne isteach fhaid is a bhíodh na sean daoine ag déanamh ime cuireadh siad graine salainn san mheidir, agus da dtiochfadh fear oibre isteach chun a phíopa do lasadh ní thabharfad siad aon griosach ná cipín solais fhaid is a mbíodh siad ag déanamh na cuiginne, agus dá dtiochfadh fear isteach bheadh air greas do bualadh roimis fágaint an tigh dó.
    Deineadh siad na rudaí sin go léir ar eagla go ngoidheadh an duine eile a gcuid ime uatha. Deireann na sean daoine gurb é an tslighe a ngoideadh siad an t-im, ná go rachad siad isteach i dtigh éiginn agus go mbíodh siad ag caint agus dá mbíodh an draoidheacht acu go rachad siad suas chun na teine agus go lasadh siad a bpíopaí agus go sleamhnochadh siad amach annsan bheadh cuid ime an duine eile le'n a gcuid féin.
    Bhí fear i gCúil agus lá amháin bhí sé ag déanamh ime agus tháinig fear éiginn isteach chuige agus bhíodar ag chaint agus tar éis tamall chuaidh an fear eile amach agus lean fear a tíghe ar an obair acht ní raibh sé ábhalta ar aon ím do bhaint as.
    Innis sé do ceann de's na cómharsanaibh é agus d'iarr an cómharsan air ar tháinig éinne isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Muiris Ó Conchubhar
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry