School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 180
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cúpla tobar ins an oileán seo, acht an ceann is táchtaí díobh go léir is eadh ceann atá imeasg portaighthe Imleach ar an dtaobh thuaidh de’n oileán. Tobar Naomh Bréannáinn a tugtar air.
    Is suimeamhla an sgéal é; an sgéal mar gheall ar an slíghe go bhfuair se an ainm. Is amhlaidh gur tháinig Naomh Bréannáin ó’n Daingean i dtír ar an dtaobh thuaidh, agus ar theacht i dtír dó ní raibh sé ábalta ar dhul go barr na faille. Go háirithe thosnuigh sé ag dreapadóireacht suas; nuair a bhí sé leath slíghe ar a dhreapadóireacht sleamhnaigh sé agus chun é féin do cosg ó thuitim, do rug sé ar carraig agus do shaoraigh sé é féin. D’fan rian a mhéaranna ar an gcarraig, atá le feiscint fós.
    D’eirigh leis barr na faille do bhaint amach. Ar bheith ar thalamh tirim dó thug sé a bhuidhceas do Dhia. Thosnuig sé ag dul treasna Imleach, agus chonnaic sé triúr ag fághailt báis.
    Le na linn sin níor dhein sé rud acht paidreacha a rádh agus chomh luath ‘is a bhí siad ráidhte d’eirigh sruth glan uisge suas; bhaistigh sé an triúr de réir ar sean sgéalaidhe tá siad curtha in aice leis an dtobar.
    Deireann na sean daoine gur tobar ana mhaith é. Go háirithe téigheann na daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chúipéar
    Gender
    Female
    Address
    Tinnies Lower East, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Ó Fáilghe
    Gender
    Male
    Age
    46
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha Beg, Co. Kerry