School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 147
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an sagart do chuaidh siad suas go dtí an áit, agus nuair a chonnaic an sagart iad, níor dhein sé aon rud, acht dul fé an lic, agus dúbhairt sé paidir.
Nuair a shrios na namhaide an áit, do chuarduigheadar gach áit, agus d'iarradar ar na daoine a bhí ann ca raibh an sagart, agus dúbhairt siad ná raibh sé tagaithe chúcha fós.
Do chuir bean éigint a fallaing tímpeall na lice agus do shábháil sí an sagart. Do thug an sagart a bheannacht dhi, agus dúbhairt sé leí gur ar shon Dé a dhein é sin, agus bhí gach aoinne ana bhuidheach di. - Aimsear na Géar Leanamhna.
Le linn aimsire na géar leanamhna is mór an trioblóid a bhí in Éirinn.
Bhí na Sasanaigh ag iarraidh an Fíor Creidimh do ruagairt as an dtír agus de réir na sean daoine bhí an rud céadna ar siubhal san oileán seo.
Do bhíodh na sagairt ag rith imeasc na bfailltreacha ag léigh Aifrinn do sluagh bheag daoine. Bhíodh séipilín suarach curtha suas aca in áit éigint(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Cuipéar
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraigh Ó Chonaill
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Coarha Beg, Co. Kerry