School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 186
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “An Ghorta Mhór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)úsáid sí an t-uisge as an dtobar aríst.
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí ‘na cómhnaidhe i gCarraig na mBocht in-aice le Cúil. Bhí sí ‘na cómhnaidhe i dtigín beag déanta le h-adhmad agus díon tuighe air. Fuair a céile bás leis an ocras agus d’fág sé beirt leanbhaí beaga ‘na dhiaidh. Bhíodar ana bhocht agus ní raibh aon rud le n-ithe acu acht ceathrú mine a fuaireadar gach seachtmhain agus ar sin a bhíodar ag maireachtaint.Ní raibh a dhóthain le n-ithe acu, agus mar sin fuair ceann acu bás leis an ocras, agus ní raibh aon airigead acu agus do chuir an máthair an leanbh isteach i mbosca agus do chuir sí é i nGealamhnach i bpáirc i gCúil.Is amhlaidh gur chuir sí an leanbh san i gCealamhnach i gan fhios na gcómharsan chun go bhfaighfeadh sí an ceathramhadh cloiche mine. Do fuaireadar an min cúpla uair ‘na dhiaidh sin, agus tar éis tamaill(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Cormac Ó Murcadha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry