School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chun solas lae Ceadaoin Luaithrí do choimeád amuigh.Dá bpósadh aoinne san séipéal, ag teacht ó’n séipéal bhíodh siad ag rás le cairteanna cliathánacha in áiteanna eile ach ní raibh siad san acu in aon chor annso ach bhíodh siad ag caitheamh páipéirí daithte leó, agus mar sin bhíodh spórt mór acu.
- Carraig an Aifrinn.
Tá carraig i mBaile na Mánach go dtugtaí air "Carraig an Aifrinn" mar is ann a léightí an t-Aifreann le linn na bPéin Dlíghthe.
Bhí casán fé talamh ag dul ó'n áit sin go dtí Carraig Liath, agus bhí saghas áltóir i gCarraig Liath ar a léigheadh an sagart an Aifreann leis.
Do thagadh na daoine ó'n gCalladh isteach go dtí an t-Aifreann i gCarraig Liath uaireanta.
Do bhíodh spiaraí i gCúm an Easpuig, agus in Eocán ag faire ar na sagairt, agus do scéigheadh siad ortha.
Do théigheadh na sagairt i bhfolach imeasc na gcarraig, agus do theipeadh ar na namhaide breith ortha.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry