School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 069
  3. XML “An Gála Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gála Mór
    Níor chualamair trácht ar aon ghála riamh a bhí chómh h-olc leis an gceann a bhí ann tímpeall ceud blian ó shoin.
    Sa bhliain 1839 tímpeall ocht mbliadhna naochadh ó shoin bhí stoirm uabhásach ar fad tímpeall an cheanntair seo ar a dtugtar "oidhche an ghála mhóir".
    Thosnuigh sé ag séideadh ar an séamhadh lá de mí Eanair , agus lean sé ar feadh ocht n-uaire dachadh.
    Le linn na h-aimsire sin go léir bhí mórán sgriosa deunta. Bhí an ghaoth ag séideadh aniar aindheas, agus do shéid sí gach rud a bhí ar an tslí roimpi. Tar éis tamaill do thóinseáil an ghaoth, agus thosnuigh sí ag séideadh adthuaidh.
    Ní leigfeadh an eagla do aoinne dul taobh amuigh de dhoras a thíghe féin, mar ní raibh le feiscint 'san aer ach cioth slinnte, agus clocha, agus rudaí mar sin a shéid an ghála ó'n áit 'na rabhadar.
    Deireann na sean daoine tímpeall an cheanntair seo go raibh an múr caithte ceud slat isteach ó'n bhfairrge, agus go raibh an uisge séidthe suas chomh fada le Baile an tSéipéil.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Chapeltown, Co. Kerry