School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall céad bliadhan ó shoin do bádhadh lung darabh ainm dí 'Laura,' i gCuan Bhranndáin ar an dtraígh in aice na Machaire. Cailleadh na máirnéalaigh go léir. Tar éis roinnt lá fuarathas cúpla corp ar tráigh a' Mhachaire. Deineadh iad do thórramh agus cuireadh iad ins a' reiligh i gCilliney in aice le Caisleán Ghriaghaire. Protustúnaigh abeadh iad agus Minister a léígh na paidreacha ortha. B'é nós an uair sin máirnéalaigh do chur le'n a gcuid éádaigh ortha agus cúpla culaith éádaigh eile tobac agus rum do chur isteach san uaigh leo.Bhí beirt buachaill bocht ag féachaint ar na máirnéalaigh á gcur agus thánadar an oidhche céadhna agus d'oscail siad an túma agus thógadar amac an téadach an tobac agus an rum. "Seadh" arsa duine aca, "Bheimís ar mhuin na muice anois dá mbéádh blúire feola le nithe againn. Téir-se suas go dtí garrdha an Mhinister agus tabhair anuas leat (?) caora."Fad a bhí an buachaill eile imthighthe d'iarraidh (?) na caorach tháinig giolla an Mhinister go dtí an reilig cun an geata do dhúnadh, agus pé féachaint a thug sé(continues on next page)
- Collector
- Gobnait Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Nioclás Mac Geaqrailt
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry