School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 869
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Taringtear an t-aoileach amach ar an bpaírc ar dtúis. Annsan leathtar é ar fuaid na páírce. Deintear an talamh do threabhadh na iomaraí. Geártar na prátaí síol annsan. Sgiolláin a glaodhtar ortha. Nuair a bhíon siad á ngeáradh ba ceart súil a bheith ins gach sgiollán. Bíonn trí sgiolláin ar leitheadh gach iomaire le ráinn a cuirtear iad, sáithtear an rann síos tríd an iomarie agus annsan caithtear an sgiollan isteach ins an poll. Bíonn cúilín ar thaobh an ráinn ar a cuirtear an cos cun é do sáthadhh síos. Cuirtear feamnach anáirde ar na h-iomairí annsan, agus taréis sin a dhéanamh, deintear na claiseanna do threabhadh agus an cré a cur suas ar na h-iomairí. Le céacht agus seisreach a threabhtar an talamh. Ceachtaí iarann ata ag na daoine anois mar siad is féarr igcóir an talaimh cruaidh. Níl aon céacht adhmaid sa pharoíste acht bhí ceann thíos ins an Machaire timcheall ceád blian ó shoin. Deintí ráinn ins na ceárdcain annso fadó. Bhídís ag deánamh stailc as na prátaí. Is amhlaidh a bhainidís an croicean dhíobh agus dheinidís iad do bhrughadh agus an súlach a thaghadh asta abeadh an stailc. Bhídís ag deanamh cístí staimpi ins na tighthe fadó. Bhainidís an croiceann des na prátaí ar dtúis agus fásgaidís an súlach asta agus an fuighleach a bheadh fághtha mheascaidís idh theannta plúir é agus bácáltar é(continues on next page)
- Collector
- Diarmuid Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry