School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 848
- XML “Liosanna”
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seacht gcéad seabhaisc geanncac bléineann;
Seacht gcéad láir is a siorraig in aonfhacht,
Seacht gcéad cómhra d'ór na Gréige,
Seacht gcéad bhairle de'n airgead réalach,
Is mura gcuirfear amach iad san cuir amach Seán 'ac Séamus ".
Do chuir Cliana iad go léir amach le diabliadeacht acht an t-airgead réalach. Bhí an t-airgead réalach beannuighthe agus níor fhéad sí aon deas a chur ar sin agus scaoil sí amach Seán 'ac Séamus agus tógadh abhaile é. - Tá lios thuas i mBhaile Na Leacan in aice Clocháin. Oidhche amháin bhí bean agus a hinghean ag teacht thar an lios. Connacadar fear go raibh fhios acu go raibh sé marbh. Nioclás Ó Neill ab ainm don bhfear agus cuireadh é tamall maith roimhe sin Dubhairt an bhean leis: "a Nioclás a chroidhe cad a thug anso tú". "Téir abhaile" ar seisean agus abair lem mháthair go bhfuil mo hata idir an dá leabaidh cnaiste agus é cur lem anam." Dubhairt sé léis go raibh poll beag i muincle a chasóige agus paiste a chur air, agus gur ghoid sé dhá thurnap ó fear thall i mBaile Dubh agus scilling a thabhairt dó ortha agus dubhairt sé ná raibh a thuille uaidh agus d'imthigh sé as radharch láitheach.
- Collector
- Diarmuid Ó Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry