School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 817

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 817

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 817
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó 'na cómhnuidhe i mBrandán gur ab ainm dó Tomás Ó Súilleabháin. Níor caith sé aon bróg riamh ara chosa. Lá dá shaoghal do chuaidh sé go Cilláirne le beagán éisc ar a dhrom. Tá Cilláirne dachad seacht míle ó Bhrandán. Tar éis a cuid éisc a dhíol do cuir sé an bhóthair abhaile. Ní raibh sé ró fhada ar an mbóthar nuair a chonnaic sé capall agus trucaill, agus bhí an capall ag rith ana tapaidh act má bhí , bhí an fear ag rith ró tapaidh dó. Annsan do caith an tiomáiní 2s.0d uaidh agus rith Tomás síos cun é dfágailt: fuair sé é agus bheir sé suas leó arís. Bhíodar caitheamh 2s.0d uatha go dtí go dtánadar go Tráighlí gach aon uair a caitaidís é beireadh Tomás suas leó arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Duínn
    Gender
    Male
    Address
    An Clochán, Co. Kerry
    Informant
    Donnchad Loingseach
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    An Clochán, Co. Kerry
  2. Bhí fear na chómhnuidhe i Breandán fadó agus chuaidh sé go dtí an Daingean lá dhiarraidh búird mar ní raibh aon bórd acu ins an baile san tsean aimsir. Bhí sé a shocrughadh an bórd thiar ag an Droichead beag chun é cur ar a dhrom. Ní raibh aon bóthar ann agus ní raibh aon trucaill aca leis. Tháinig strapire fir suas chuige agus d'iarr sé air an raibh sé ag dul ibhfaid. Dubhairt an fear eile go raibh sé ag dul go Breandán. Dubhairt an strapire go dtógfadh sé síos an bórd dó ar gloine fuiscí agus ar luach phingin aráin. Cuir sé an bórd ar a dhrom. Bhí an fear gur leis an bórd ullamh chun bóthar. Dubhairt an fear go raibh an bórd ar a dhrom leis preabadh anáirde ar an mbórd. Do thóg sé thar an gcnoc go Clochan iad
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.