School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 799
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a phós Thadhg Ua Súilleabháin Brìd Ní Loíngsigh do cheap sé go raibh sonúchar maith aige acht fé ceann tamaill do fuair sé amach go raibh dearmhad déanta aige. Ní raibh aon tairbhe innte cun aon obair a dhéanamh acht dubhairt sé go gcaithfidh sé cur suas léi. Bhí sé ag obair ar feadh an tSamhraidh agus an Fhoghmhair acht nuair a tháinig Mí na Samhna do mharbh sé much ramhair agus do chuir sé salann uirthe agus do chuir sé síos ins an soitheac í. Do chuir sé salann ar feircín ime cómh maith. Dubhairt sé le Bríd iad san a fhágaint annsan i gcóir "sgriobh liath an Earraigh". Lá'r na mbáireach do chuaidh Tadhgh go dtí an aonach. Ní raibh sé ibhfad imthighthe nuair a tháinig fear mór go dtí an tig. Do bhí capall agus cairt aige. "An bhfuil Tadhgh istig" arsa sé. Tá sé imthighthe go dtí an aonach" arsa Bríd. "Airiú tá mo thuras sa in aistear orm is baoghal ach dubhairt Tadhgh liom teacht agus an lón a breith liom. Sin é an lón maith a bhíonn ag fear an tighe seo i gcomhnuidhe". "Airiú" arsa Bríd , "cad é an ainm atá ort nó cad as a tháinig? " "Sgíobh liath an Earraigh a thugann siad orm a bhean mhaith". "Airiú an tusa Sgríobh liath an Earraigh. Tá lón mór anso id chóir a dhuine uasail . Tá soitheac feóla agus feircín ime agus paca plúir ann cómh maith; agus féach tá céad púnt anso sa bhosca do bhí Tadhgh a ' coimeád id chóir." Do thóg sé leis an lón agus an céad púnt agus d'imthigh sé air cun bóthar.(continues on next page)
- Collector
- Máirtín Ua Concúbhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ua Concúbhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry