School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 847

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 847

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 847
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do thóg na daoine maithe go dtí an lios i Mbarra na gCaorach fear dar ab ainm dó Seán 'ac Séamus. Ní fhéadfadh aoinne é thabhairt as an lios acht Máirín Dubh nó a inghean ó íochtar na h-Éireann. Do chuir a mhuintir fios ar Máirín Dubh agus tháinig sí. Nuair a chuaidh sí go dtí an lios dúbhairt sí le bean na leasa Cliana a b'ainm di sin, a "Chliana a Chliana a bhean bhinn bhéasta, is fada an tàird seo a thugas cun tú fheiscint , ó Gleann Rathaille go Barra na gCaorach ar lorg ort tuairisg Seán 'ac Séamus. Ar phós sé fós nó bhfuil gan déanamh nó an bhfuil aon óig-bhean ar t-eolas réidh leis?" "Níor phós sé fós agus tá gan déanamh agus níl aon óig bean ar mo eolas réidh leis" arsa Cliana.
    "Mhaise is é do thigse fuaire, tig gan sleán gan rann gan sluasad. Níl búirth bó ná méid uain ann ná fiú an leanbh a dheinfeadh suaircais acht cistin fhada agus fallaí fuaire". Cliana: "An tú Eve bheag nó an tú Aodh bheag nó an tú Máirín Dubh nó a h-inghean ó íochtar na h-Éireann"? Máirín Dubh: "Ní mé Eve bheag agus ní mé Aodh bheag agus ní mé Máirín Dubh ná a h - inghean ó íochtar na h-Éireann, acht is mé inghean Críona Rí na Gréige. Cliana:"Dá mba tusa inghean Críona Rí na Gréige bheadh fáinne óir ar gach mhéar leat, do bheadh do chuid gruaige na dúdailt go t-aer leat , bheadh do leaca geal dearg is do phearsa mar aon bhean".
    Máirín Dubh: "A Chliana, a Chliana, cuir amach mo spré cugam : seacht gcéad gabhar potabhar ar aon dath,
    Seacht gcéad caoire mìn cun éadaig;
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    Mullach Bhéal, Co. Kerry