School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 883

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 883

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 883
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá le Stiophán. Teigean scata buachaillí mór thimcheall na h-áíte ó thig go tig ar an lá san ag bailiú airgid, bíonn high fedell agus púicín ar gach éínne. Bíonn drumaí agus ogan bheál aca leis. Bíonn na drumaí deánta de croiceann tirm-gabhair agus fonnsa adhmaid. Téigheann na garsúin óga agus na buachaillí aosta ins an dreóílín. Bíonn laír bhán agus gleás ceóil ag na buacaillí fásta. Bíonn cuid mhaith spórt aca idtig áírithe ins an áít. Bíonn a ndóthain bídh agus díghe aca tar-éís an dreóílí leis an airgid a bhailigheann siad.

    Lá le Máirtín. Marbhightear gé nó laca nó cearca. Féíle mór iseadh é.

    Lá le Séan. Cuirtear síos teine mór ins gac baile an oidhche sin. Teine cnámh a tugtar air. Téigheann na daoine óga ón mbaile, ag bailiú móna ó thig go tig igcóír na teine. Nuair a bhítear ag dul abhaile tóann gach duine fód dearg leis.

    Lá le Breandáin. Bíonn féíle Naomh Branndán sa ceanntar seo ar an 16adh de Bhealtaine.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ua Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    An Clochán, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ua Murcadha
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    An Clochán, Co. Kerry